Sunday, August 06, 2006

 

Progress!!!

Bhuel, tá mé ag déanamh dul chun cinn leis an mblag. Is aoibhinn liom an suíomh seo, tá sé an-úsáideach. Dar liomsa, tá mo bhlag ag féachaint go maith. Bhí mé ag obair go dian díograiseach air le linn an tSamhraidh. Ach rinne mé dearmad ar na teachtaireachtaí. Mar sin, caithfidh mé níos mó oibre a dhéanamh ar an ngné sin as seo amach.

Chaith mé an Satharn ag féachaint ar na cluichí peile agus ar na sobalchláir! Bhí mé ag féachaint ar Emmerdale agus bhí na radhairc go hiontach. Ba bheag nár bhris mo chroí nuair a fuair Alice bocht bás!

Comments: Post a Comment



<< Home

This page is powered by Blogger. Isn't yours?